Gach eolas – Gaeilge

Aidhm an fheachtais #Gaeilge4All

An Ghaeilge a chosaint agus a láidriú sa chóras oideachais chun go mbeidh eispéireas sásúil foghlama Gaeilge ag gach dalta sa chóras oideachais ón réamhscoil go dtí an tríú leibhéal

Sprioc an fheachtais #Gaeilge4All

Tá an feachtas #Gaeilge4All ag éileamh ar an Aire Oideachais Norma Foley polasaí comhtháite agus comhleanúnach don Ghaeilge sa chóras oideachais ón oideachas luath-óige go dtí an tríú leibhéal a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm.

Cén fáth go bhfuil gá leis an bpolasaí #Gaeilge4All?

Ní raibh a leithéid de pholasaí ann ó bunaíodh an Stát ó dheas.

Tá práinn ag baint le ceist na Gaeilge sa chórais oideachais faoi láthair:

  1. Tá Páipéar 1 Gaeilge na hArdteiste le bogadh go Bliain 5 ó 2025 ar aghaidh – cinneadh a bhfuil múinteoirí agus daltaí go hiomlán ina choinne, agus nach bhfuil aon bhunús oideachasúil leis.
  2. Tá 40,000+ dalta ag an dara leibhéal le díolúine ó staidéar na Gaeilge, agus an figiúir sin ag fás
  3. Tá na sonraíochtaí/na siollabais don tSraith Shóisearach nua ag teipeadh, agus tá an próiseas chun sonraíochtaí nua a fhorbairt don tSraith Shinsearach ina phraiseach.
  4. Níl ach 7% de dhaltaí bunscoile agus 2.8% de dhaltaí iar-bhunscoile ag freastal ar an oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. Tá easpa Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí mar rogha dóibh siúd ar mian leo é.
  5. Tá an líon ama do mhúineadh na Gaeilge sa bhunscoil laghdaithe ó 3.5 huaire go 3 huaire in aghaidh na seachtaine sa chreat curaclam nua bunscoile fógartha ag an Aire Oideachais ar an 9 Márta. Ó Rang 1 ar aghaidh, bainfear 30 nóiméad sa tseachtain ó na daltaí, a fhágann go mbeidh siad thíos leis faoin am go dtéann siad ar aghaidh chuig an iar-bhunscoil.

Cén chuma a bheadh ar an bpolasaí seo, agus an bhfuil sé indéanta?

Polasaí comhtháite agus comhleanúnach don Ghaeilge sa chóras oideachais ón oideachas luath-óige go dtí an tríú leibhéal

Caithfidh go mbeidh radharc an mhórphictiúir, agus radharc comhtháite ag creat polasaí d’oideachas Gaeilge agus go leagfadh an polasaí fís chomhleanúnach amach do mhúineadh, d’fhoghlaim agus do mheasúnú na Gaeilge ag gach céim den chóras oideachais. Caithfidh polasaí dá leithéid a chinntiú go mbeidh aon athruithe nó forbairtí a dhéanfar maidir le curaclam agus measúnú na Gaeilge ailínithe go comhleanúnach leis an mórfhís fhadtéarmach, seachas forbairtí a dhéanamh ceann ar cheann, neamhspleách ar a chéile.

Ba cheart go mbainfeadh an polasaí leas as Comhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha (CEFR) chun tacú le trédhearcacht, leanúnachas agus dul chun cinn i bhfoghlaim na Gaeilge ó gach céim den chóras oideachais go dtí an chéad chéim eile

Ba cheart an caighdeán inniúlachta sa Ghaeilge a theastaíonn ó mhúinteoirí ag gach leibhéal den chóras oideachais a leagan amach go sonrach. D’fhéadfadh an CEFR an sainmhíniú seo a éascú. Bheadh sé seo i gcomhréir le moltaí a rinneadh sa Language Education Policy Profile, foilsithe i 2008 ag Rannóg Polasaí Teanga Chomhairle na hEorpa i gcomhar leis an Roinn Oideachais agus Eolaíochta tar éis anailís shuntasach a dhéanamh ar an oideachas teanga in Éirinn. Sa cháipéis a tháinig i ndiaidh na próifíle polasaí seo, Languages Connect: Straitéis na hÉireann do na Teangacha Iasachta san Oideachas 2017-26 (An Roinn Oideachais agus Scileanna, 2017) cuireadh na moltaí seo i bhfeidhm i gcomhthéacs na nuatheangacha iasachta. Tugadh sainmhíniú do spriocanna ginearálta curaclaim agus riachtanais inniúlachta do mhúinteoirí iar- bhunscoileanna de réir an CEFR, agus moladh go mbeadh na scrúduithe ar fad do na teangacha iasachta ailínithe leis an CEFR.

Ba cheart go mbunófar an polasaí ar oideachas ionchuimsitheach a fhreastalaíonn ar riachtanais na ndaltaí, agus nach spreagann / éascaíonn eisiamh.

Is croí-phrionsabal de chur chuige an CEFR i leith fhoghlaim agus measúnú teanga é aitheantas a thabhairt do pháirt-chumais agus próifílí inniúlachta míchothroma na bhfoghlaimeoirí sna scileanna teanga. D’fhéadfadh cur chuige bunaithe ar an CEFR deis a thabhairt d’fhoghlaimeoirí le riachtanais bhreise litearthachta díriú ar scileanna cumarsáide labhartha sa Ghaeilge, agus aitheantas agus teastasú a bhaint amach do na scileanna sin – rud a thabharfadh rochtain dóibh ar fhoghlaim na Gaeilge de réir a gcuid riachtanas agus cumas.

From Compulsion to Choice in the Civil Service – Spelling Disaster for the Language:

Nuair a baineadh an riachtanas le Gaeilge a bheith agat chun post a fháil sa státseirbhís i 1974, thit líon na mball foirne a bhí in ann seirbhísí a sholáthar i nGaeilge go suntasach ar fud na státseirbhíse ar fad. Mar shampla, níl ach 1.5% den fhoireann sa Roinn Oideachais agus Scileanna inniúil anois chun seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge. Tá an fhíric seo ag teacht salach ar an teoiric go dtiocfadh borradh faoi úsáid na Gaeilge sa státseirbhís dá gcuirfí deireadh leis an teanga mar ábhar riachtanach, mar a chur Fine Gael chun cinn i 1974:

“The government is fully confident that this policy change, which promotes encouragement instead of compulsion, will result in increased goodwill towards the Irish language and will help to widen language use inside and outside the Civil Service.”

An tAire Richie Ryan, 5 Nollaig 1974

Go deimhin, d’admhaigh Conor Cruise O’Brien – a bhí ina Aire sa Rialtas céanna – go raibh aiféala air go ndearnadh cinneadh dá leithéid:

“…I would say that without a doubt Irish was reduced in status. Therefore, in retrospect, I do not believe we did the right thing. And I am very sorry about it.”

Iar-Aire Conor Cruise O’Brien, 24 Lúnasa 1984

Cén fáth a cheapann muid nach bhfuil an córas nua do dhíolúintí ó fhoghlaim na Gaeilge sásúil:

  1. Cur chuige mícheart leis an bhfadhb atá ann a réiteach. Ba chóir daoine a chumasú agus tacaíocht a thabhairt dóibh le bheith dátheangach (agus na buntáistí cognaíocha a bheith acu) seachas iad a dhíchumasú
  2. Níl taighde ar bith ann a léiríonn nach féidir le duine le disléicse teanga a fhoghlaim. Beidh deacrachtaí litearthachta ann sa teanga eile chomh maith ach níl aon tionchar aige ar an teanga ó bhéal
  3. Deirtear sa chiorclán nua gur féidir don dalta le scór caighdeánaithe ar thástáil scoite sa léitheoireacht focal, sa léamhthuiscint nó sa litriú a bheith bainte amach atá ag/faoi bhun an 10ú peircintíl in ann díolúine a fháil. Ní bhaineann dislécse le deacrachtaí tuiscine (nuair nach mbíonn deacrachtaí léiteoireachta/litrithe ann). Gach seans go mbeidh níos mó ná 10 de dhaltaí scoile na tíre i gceist mar gheall air seo.
  4. Níl sé cothrom an brú breise seo a chur ar phríomhoidí nó ar mhúinteoirí ranga a bheidh orthu a bheith páirteach sa chinneadh leis an díolúine a bhronnadh
  5. Níl aon tír eile ann le córas díolúintí mar seo

___________________________________________________________

Polasaí don Ghaeilge sa Chóras Oideachais ón Réamhscoil go dtí an 3ú Leibhéal

Chuimseodh an polasaí an Ghaeilge sa chóras oideachais ag gach leibhéal agus i ngach earnáil, leis an trí chroí-pholasaí seo a leanas san áireamh sa pholasaí:

  • an polasaí Oideachais Gaeltachta reatha
  • polasaí don Ghaelscolaíocht
  • polasaí don oideachas a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla

Bheadh an páirt-tumoideachas, tumoideachas iomlán, an curaclam, oiliúint múinteoirí, measúnú srl. san áireamh. 

“Bheadh ciall agus ceangal comhtháite le foghlaim na Gaeilge don dalta sa chóras ón gcéad lá sa réamhscoil go dtí scrúdú na hArdteiste agus ar aghaidh go dtí an tríú leibhéal”

An gcreidfeá?

Ní raibh polasaí Gaeilge don chóras oideachas ón réamhscoil go dtí an tríú leibhéal riamh ann ónar bunaíodh an Stát ó dheas.

Cén fáth go bhfuil gá leis?

  • Thógfadh polasaí mar seo na geallsealbhóirí ar fad le chéile le díriú ar sprioc faoi leith
  • Le gníomhú ar bhuairteanna dlisteanach daoine óga maidir le foghlaim na Gaeilge agus iad a chur ar a suaimhneas trí chóras a dhéanann ciall ó leibhéal go leibhéal a chur ar fáil dóibh agus a léiríonn na deiseanna agus na buntáistí a bhaineann le foghlaim na Gaeilge, srl..
  • Ag an leibhéal is bunúsaí le déileáil le cuid mhaith de na bréaga agus den mhíchruinneas a bhaineann leis an teanga atá ag mionlach sa phobal, m.sh. ‘Tá an Ghaeilge marbh’, ’13 bliain ag foghlaim na Gaeilge agus ní féidir le haon duine abairt a chur le chéile’, ‘Tá sé ródheacair í a fhoghlaim
  • Chuirfeadh polasaí mar seo spreagadh arís faoi theagasc na Gaeilge ón mbonn agus chuirfeadh sé le húsáid na Gaeilge mar ghnáth-theanga sa tír
  • Laghdódh polasaí mar seo an ga le díolúintí ó staidéar na Gaeilge a bhronnadh ar daltaí ag teacht isteach déanach sa chóras nó ar daltaí le fadhbanna foghlama mar go mbeadh sé i bhfad níos freagrach do riachtanais agus cumais éagsúla na ndaltaí

An bhfuil polasaí mar seo indéanta?

  • Tá eiseamláir dá leithéid de pholasaí comhtháite cuimsitheach le feiceáil sa Pholasaí Oideachas Gaeltachta le tacaíocht, seilbh agus ionchur ag an bpobal agus ag lucht an oideachais iad fhéin i bhforbairt agus i gcur i bhfeidhm an pholasaí
  • D’fheadfaí an polasaí a bhunú, mar shampla, ar an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach do Theangacha (Comhairle na hEorpa, 2001) agus bheadh deis torthaí foghlama a leagadh síos sa réamhscoil a thiocfadh le torthaí sa bhunscoil agus ar aghaidh chuig an iar-bhunscoil agus an tríú leibhéal

Céard atáimid ag éileamh ar an Aire Oideachais agus Scileanna déanamh?

Táimid ag éileamh ar an Aire Oideachais agus Scileanna, Norma Foley, TD,  seasamh go leanúnach leis an nGaeilge mar chroí-ábhar ardteiste agus Polasaí cuimsitheach don Ghaeilge sa Chóras Oideachais ón Réamhscoil go dtí an Tríú Leibhéal a fhorbairt laistigh de 6 mhí. Ba chóir próiseas comhairliúcháin a chur ar bun láithreach bonn leis an bpolasaí a fhorbairt agus, ar nós a rinneadh le forbairt an Pholasaí Oideachais Gaeltachta, ba chóir go dtógfar aighneachtaí ón bpobal, cruinnithe poiblí, cruinnithe le geallsealbhóirí agus eile san áireamh sa chomhairliúchán.