Cén fáth gur chóir an Ghaeilge a choinneáil mar chroí-ábhar Ardteiste?

  1. De réir suirbhé ó Kantar Millward Brown in 2019, tá 60% de dhaoine óga (aois 15-24) ar son an Ghaeilge a choinneáil mar chroí-ábhar ardteiste agus ní raibh ach 19% ina choinne.
  2. Bheadh aon dalta nach ndéanann an Ghaeilge don Ardteist ag cailliúint go leor leor deiseanna fostaíochta agus gairme, ní amháin sa bhunmhúinteoireacht ach i ngairmeacha eile.
  3. Ní féidir talamh slán a dhéanamh de go mbeidh an Ghaeilge ar fáil do gach dalta scoile da mbeadh sí roghnach. Braitheann soláthar ábhar ar bith ar choinníollacha éagsúla: éileamh ós na daltaí, soláthar múinteoirí, seomraí srl.
  4. Dá mbeadh an Ghaeilge ina hábhar roghnach rachadh sí isteach i bpota mar a bhfuil gach rud ó Ealaín go hEacnamaíocht Bhaile agus ó Cheol go Ceimic. Cuimhnigh chomh maith go bhfuil breis ábhar á gcur sa phota i rith an ama; corpoideachas, polaitíocht agus eolaíocht ríomhaireachta, mar shampla.
  5. Má thagann an córas seo isteach, i gcásanna áirithe ar a laghad, ní bheadh cead/deis ag daoine a bhfuil riachtanais speisialta orthu staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge.
  6. Ta gach leibhéal sa scoil idirspleách ar a chéile – má tá an Ghaeilge roghnach don Ardteist beidh níos lú béime uirthi don Teastas Sóisearach nó fiú sa bhunscoil.
  7. Nuair a rinneadh foghlaim nua-theangacha roghnach i Sasana sa GCSE, thit an líon daoine ag staidéar teangacha ó 79% i 2001 san aoisghrúpa go 41% i 2018. Bheadh an uimhir seo i bhfad níos ísle fós ach gur choinnigh roinnt de na scoileanna príobháideacha éigeantach iad.
  8. Chaillfeadh múinteoirí dara leibhéal Gaeilge poist de réir a chéile.
  9. Chuirfeadh sé deireadh le roinnt mhaith coláistí samhraidh sa Ghaeltacht, rud a dhéanfaidh damáiste ollmhór do na Gaeltachtaí sin.
  10. Baineadh PEIG den ardteist 20 bliain ó shin.

Cén fáth nach roghnódh daltaí Gaeilge dá mbeadh an Ghaeilge roghnach don ardteist?

  1. Bheadh brú ar daltaí, mar gheall ar chóras na bpointí, na hábhair a bheidh aitheanta mar na hábhair ‘éasca’ a roghnú agus d’fheadfadh an Ghaeilge (agus teangacha eile) a bheith thíos leis.
  2. Bheadh Gaeilge in iomaíocht le hábhair eile atá riachtanach don tríú leibhéal (m.sh. tá bitheolaíocht de dhíth do leigheas).
  3. Tá an dioscúrsa poiblí ag nascadh Gaeilge & strus. Ní bheidh tuismitheoirí ná daltaí ag iarraidh an ‘strus’ sin a tharraingt anuas orthu féin.
  4. Ní bheidh an Ghaeilge ar fáil i ngach scoil a thuilleadh. 
  5. Bheadh díspreagadh ón mbunscoil ar aghaidh.

Friotal ábhartha:

“We could make it optional for Leaving Certificate; and after a few years we might come to think that it should be optional for Junior Certificate too; and after that – well, what’s the point of bothering with compulsory Irish at primary level, if it’s going to be taken only by a tiny minority at second level? If we follow this path, we may well find that by the end of this decade Ireland has sold its linguistic birthright and staked its entire future – cultural, political, economic – on the continuing international dominance of English. On the other hand, we can respond by taking seriously the linguistic challenge of the European project; recognizing that Irish belongs not just to Ireland’s but to Europe’s linguistic heritage; taking note of the empirical fact that the more languages you learn, the easier it becomes; insisting that Ireland’s membership of Europe requires us to make foreign language learning a compulsory part of schooling; and seeking ways of achieving more effective learning outcomes. This kind of response requires political commitment and a coherent national effort leading to a language education policy capable of generating an integrated language curriculum that in turn can facilitate pedagogical reform.”

Professor David Little from The future of languages in Irish education: policy, curriculum, pedagogy