Comhairliúchán ar Oideachas lán-Ghaeilge

In Eanáir 2023, bhí comhairliúchán ag an Roinn Oideachais faoi pholasaí nua don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. Seo na héilimh a bhí againn.

An féidir leat cabhrú linn rogha na Gaelscolaíochta a fhás dóibh siúd gur mian leo é?

Tá próiseas comhairliúcháin phoiblí curtha ar bun ag an Roinn Oideachais chun tuairimí a lorg d’fhonn polasaí nua a fhorbairt don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht (níos mó eolais faoin gComhairliúchán ón Roinn Oideachas ag an nasc seo).

Na Príomhéilimh atá á moladh againn:

  • Go méadófar an líon daltaí ag freastal ar an oideachas lán-Ghaeilge ó 6.7% go 20% sna 20 bliain amach romhainn
    (Tagann an sprioc 20% atá molta anseo leis an sprioc earcaíochta in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021, go mbeidh 20% ar a laghad d’earcaithe nua san earnáil phoiblí inniúil ar an nGaeilge faoi dheireadh 2030, agus an líon fógraíochta Gaeilge gur gá do chomhlaíochtaí poiblí déanamh anois ag éirí as an Acht céanna. Chomh maith leis sin, sa Bhreatain Bheag tá sprioc ag an Rialtas go mbeidh 40% de na daltaí ag freastail ar oideachas trí mheán na Breatnaise faoi 2050)
  • Go gcuirfear Gaelcholáiste nua ar bun laistigh de 5 bhliain in aon scoilcheantar le Gaelscoil ann ach nach bhfuil Gaelcholáiste ann cheana féin
  • Go gcuirfear straitéis i bhfeidhm laistigh de dhá bhliain le soláthar múinteoirí a chinntiú do Ghaelscoileanna agus do Ghaelcholáistí (i gcás na nGaelcholáistí is gá a dhóthain múinteoirí a bheith ar fáil le réimse ábhair sásúil a chur ar fáil)

Conas páirt a ghlacadh sa Chomhairliúchán:

  1. Is feidir an nasc seo a bhrú le ríomhphost a sheoladh leis na héilimh luaite thuas ann, díreach d’ainm a chur ag bun.
  2. Is féidir aighneachtaí scríofa leis na héilimh thuas agus/nó eile a chur chuig POLG@education.gov.ie.
  3. Tá ceistneoir ar líne le líonadh ag an nasc a leanas: https://dessurveys.education.gov.ie/surveys/polg

Tá moltaí ag Gaeloideachas don suirbhé ar fáil ag an nasc seo agus moltaí ón bhForas Pátrúnachta don suirbhe ar fáil ag an nasc seo.

Spriocdháta

An spriocdháta le cur isteach ar an gComhairliúchán ná 16 Eanáir 2023.