Suirbhé – CNCM

Suirbhé ar an Sraith Shinsearach – Ár moltaí

English version available here

Is í an bhagairt is mó atá ann faoi láthair do stádas na Gaeilge sa chóras oideachais ná an comhairliúchán atá idir lámha ag an CNCM. Táthar ag plé na féidearthachta nach mbeadh an Ghaeilge mar chroí-ábhar Ardteiste mar chuid de chomhairliúchán i bhfad níos leithne mar gheall ar an sraith shinsearach (bliain 4-6 sa mheánscoil) ina iomlán.

Is féidir leat páirt a ghlacadh i dhá bhealach:

Má tá nóimead ar fáil agat is féidir gliogáil anseo nó is féidir na pointí thíos a úsáid más mian leat agus iad a chur chuig seniorcycle@ncca.ie roimh an 1 Samhain 2019.

  • Ba chóir an Ghaeilge a choinneáil mar chroí-ábhar sa sraith shinsearach a dhéanann gach dalta staidéar uirthi
  • Ba chóir aon athruithe don Ghaeilge sa tsraith shinsearach teacht mar chuid de Pholasaí don Ghaeilge sa Chóras Oideachais ón Réamhscoil go dtí an Tríú Leibhéal
  • Ba chóir úsáid a bhaint as an gCreat Eorpach d’Fhoghlaim Teangacha le teagaisc, measúnú agus tuairisciú a dhéanamh ar an nGaeilge sa sraith shinsearach

Tá suirbhé ag an CNCM ag an nasc seo le tuairimí a bhailiú mar chuid den chomhairliúchán. Bheadh sé iontach ar fad dá mbeifeá in ann 10 nóiméad a chur ar leataobh len é a líonadh.

Tá cúpla nod faoin suirbhé a líonadh thíos:

  • Tá moltaí againn don suirbhé thíos leis an nGaeilge a chosaint agus a láidriú. Ba bhreá linn dá mbeifeá in ann iad nó cuid díobh a chur chun tosaigh sa suirbhé
  • Moltar an suirbhé a líonadh ar ríomhaire in ionad fónphóca
  • Moltar brabhsálaí nua a oscailt leis an suirbhé ann agus na moltaí thíos a chóipeáil agus a ghreamú sa suirbhé sa bhrabhsálaí eile
  • Dar ndóigh, bheadh sé níos fearr fós más féidir cuid de na freagraí a leasú ó thaobh foclaíochta de agus cur leo más mian leat

Go raibh míle maith agat

FREAGRAÍ MOLTA DON SUIRBHÉ

Tá mé ag freagairt mar:

  • Is féidir do rannpháirtíocht mar dhuine aonair, múinteoir, tuismitheoir, ball de ghrúpa nó eile a chlárú anseo

Cuspóir na sraithe sinsearaí:

1. Cé chomh mór is a aontaíonn tú leis an gcuspóir don tsraith shinsearach a thagann ón athbhreithniú?

  • Easaontaíonn muid  le cuspóir na sraithe sinsearaí. Tá easnaimh ollmhóra ann mar nach bhfuil aon tagairt déanta don chultúr, oidhreacht agus don Ghaeilge mar chuid den chuspóir

2. An bhfuil béim róbheag nó rómhór ar ghnéithe áirithe?

  • Níl aon bhéim sa cuspóir ar chultúr nó ar an nGaeilge. Níl siad luaite ar chor ar bith. Tá cuma an-fhuarchúiseach ar an gcuspóir gan tagairt dóibh
  • Déanfar faillí ar scoláirí gurbh í an Ghaeilge a teanga dhúchais agus / nó a roghnaíonn a gcuid oideachais a fháil trí mheán na Gaeilge nó sa scoil Ghaeltachta

3. Ar mhaith leat aon cheo eile a fheiceáil sa chomhrá faoi chuspóir na sraithe sinsearaí?

  • Ba chóir an cuspóir, luaite sa cháipéis chomhairliúcháin, a leasú mar seo a leanas leis an gcultúr agus leis an nGaeilge a chur san áireamh (na leasuithe i gcló trom):
    • Tá sé d’aidhm ag oideachas na sraithe sinsearaí cabhrú le gach scoláire a acmhainneacht a bhaint amach. Cuirtear ar chumas gach scoláire a eolas agus a scileanna a dhoimhniú i rith na sraithe sinsearaí agus é ag teacht in inmhe agus ag forbairt go hintleachtach, go pearsanta, go cultúrtha, go teangeolaíoch,  agus go sóisialta. Cuireann an taithí ar an oideachas sa tsraith shinsearach ar chumas na scoláirí todhchaí éagsúil agus inbhuanaithe a bheith acu, ionas gur féidir le gach scoláire tabhairt faoi shaoránacht iomlán agus gníomhach, ilteangachas leis an nGaeilge agus leis an mBéarla san áireamh agus páirt a ghlacadh go hiomlán agus go gníomhach sa tsochaí, sa gheilleagar de réir mar a bhíonn sé ag foghlaim agus ag aistriú go dtí an saol i ndiaidh na scoile.
  • Tá contúirt láidir ann go gcaillfidh scoláirí sa todhchaí  léargas fíor thábhachtach ar a gcultúr náisiúnta  agus ar phríomhtheanga oifigiúla na tíre seo. Ní bheidh aon difríocht idir curaclam na hÉireann agus cinn na Breataine agus na Stát Aontaithe gan tagairt suntasach don Ghaeilge agus don chultúr ann.  Ní léiríonn an cháipéis don chomhairliúchán ná na cuspóirí aon tuiscint air sin.

Fís d’fhoghlaimeoirí na sraithe sinsearaí:

4. Cé mhéad a aontaíonn tú gurb iad sin na scileanna agus cáilíochtaí ba cheart don scoláire a fhorbairt i rith na sraithe sinsearaí agus é ag gabháil den eolas thar réimse disciplíní?

  • Easaontaíonn muid leis an liosta a bhaineann le fís na sraithe sinsearaí. Níl an litearthacht agus uimhearthacht luaite. Ba chóir go mbeadh scileanna teangeolaíochta agus teanga mar chuid den rud céanna le béim mhór ar an dátheangachas mar íosmhéid agus ilteangachas mar ollsprioc
  • Níl aon sprioc ann go mbeidh an dalta dátheangach le cumas sa Ghaeilge agus sa Bhéarla mar cheann de na scileanna luaite sa liosta gur cheart don scoláire a fhorbairt i rith na sraithe sinsearaí
  • Thrasnódh an dátheangachas seo thar réimse de dhisciplíní éagsúla, idir scileanna cumarsáide, réiteach agus próiseáil fadhbanna, cur i láthair, cumarsáid, cáilíochtaí idirphearsanta agus inphearsanta, scileanna saoil, srl..
  • Ba chóir go mbeadh béim ar fhorbairt chultúrtha chomh maith – tuiscint ar na healaíona agus oidhreacht shaibhir na tíre
  • Ba chóir go mbeadh fís ag cróilár na sráithe sóisearaí daoine óga dátheangacha a fhorbairt atá inniúil, déliteartha agus líofa sa Ghaeilge agus sa Bhéarla, araon, le cur amach acu ar theangacha eile. Ba chóir na sainscileanna a fhorbairt sa tSraith Shinisearach a chuireann ar a gcumas bheith ag obair agus ag maireachtáil go dátheangach nó go hilteangach sa todhchaí.

5. An bhfuil béim róbheag nó rómhór ar ghnéithe áirithe?

  • Níl aon bhéim ann go mbeidh an dalta dátheangach le cumas sa Ghaeilge agus sa Bhéarla mar cheann de na scileanna luaite sa liosta ar cheart don scoláire a fhorbairt i rith na sraithe sinsearaí

6. Ar mhaith leat aon cheo eile a fheiceáil sa chomhrá faoin eolas, scileanna agus cáilíochtaí ba cheart do scoláirí a fhorbairt i rith na sraithe sinsearaí?

  • Ba chóir go mbeadh an dalta dátheangach le cumas sa Ghaeilge agus sa Bhéarla mar cheann de na scileanna luaite sa liosta ar cheart don scoláire a fhorbairt i rith na sraithe sinsearaí

Teagasc agus foghlaim:

  • Aontaíonn muid go háirithe leis na tréithe a leanas sa liosta don fhís teagaisc: cuirtear ar chumas gach scoláire foghlaim; aithnítear agus dearbhaítear gach tallann agus inniúlacht; tugtar aghaidh ar gach riachtanas foghlama, agus go bhfuil siad uile inrochtain tríd an bhfoghlaim ar theanga na Gaeilge

7. Cé chomh mór is a aontaíonn tú leis an bhfís don teagasc agus foghlaim a thagann ón athbhreithniú?

8. An bhfuil béim róbheag nó rómhór ar ghnéithe áirithe?

  • Aithnítear an poitéinsiúil de theicneolaíochtaí digiteacha sa cháipéis chomhairliúcháin chun cabhrú agus chun tacú le foghlaim ach ní aithnítear moltaí eile déanta sa chomhairliúchán cheana, ar nós úsáid a bhaint as Creat Eorpach d’Fhoghlaim Teangacha – creat a d’fhreastalódh go maith ar chuid mhaith de na tréithe liostáilte don fhís teagaisc

9. Ar mhaith leat aon cheo eile a fheiceáil sa chomhrá faoin teagasc agus foghlaim sa tsraith shinsearach?

  • Go mbeidh úsáid bainte as an gCreat Eorpach d’Fhoghlaim Teangacha i múineadh na Gaeilge – creat a d’fhreastalódh go maith ar chuid mhaith de na tréithe liostáilte don fhís teagaisc mar go dtugann sé fráma tagartha caighdeánach ar inniúlachtaí sa teanga

Conairí agus cláir:

10. Cé chomh mór is a aontaíonn tú leis na réimsí forbartha molta thuasluaite?

  • Níl aon tagairt de conas tacú le scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta cuspóirí na Sraithe Sinsearaí a bhaint amach trí cháipéisí, chiorcláin, sonraíochtaí agus acmhainní eile a fhoilsiú i nGaeilge go comhthreomhar le leaganacha Béarla de na cáipéisí céanna; Mar aon le hoiriúnú ar ábhar tacaíochta, ábhar foghlama, acmhainní agus straitéisí don teagasc idirdhealaitheach don scoil lán-Ghaeilge agus Gaeltachta

11. An bhfuil béim róbheag nó rómhór ar ghnéithe áirithe?

  • Le haon leathnú ar an líon ábhar nó féidearthachtaí de chonairí agus de chláir éagsúla níor chóir aon athrú a dhéanamh ar stádas na Gaeilge mar chroí-ábhar ardteiste a dhéanfaidh gach mac léinn staidéar uirthi. Tá sé de dhualgas ar an stáit ár dteanga dhúchais a chothú mar sheoid luachmhar beo d’oidhreahct; D’fhéadfaí úsáid a bhaint as an gCreat Eorpach d’Fhoghlaim Teangacha le freastail ar chonairí agus ar chláir éagsúla

12. Ar mhaith leat aon cheo eile a fheiceáil sa chomhrá faoi chonairí agus cláir sa tsraith shinsearach?

  • Go mbeidh úsáid bainte as an gCreat Eorpach d’Fhoghlaim Teangacha le freastail ar chonairí agus ar chláir éagsúla
  • Tá go leor fadhbanna ann leis an Ardteist fheidhmeach agus an rogha seo á chur chun cinn leis na daltaí a bhfuil sé in oiriúint dóibh. B’fhearr fadhbanna mar seo a réiteach ar dtús roimh an réimse ábhar a leathnú
  • Conas ar féidir réimse leathan ábhar a chur ar fáil i scoileanna beaga, go háirithe scoileanna beaga lán-Ghaeilge agus Gaeltachta, ionas go mbeidh an deis chéanna ag daoine óga eispéireas fóinteach foghlama a bheith acu
  • Beidh soiléiriú de dhíth faoi cén chaoi a chuirfear clár leathan ábhar ar fáil do scoileanna oileáin, beaga agus scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge
  • Má tá an réimse ábhar don tSraith Shinsearach le leathnú, tá sé riachtanach plé a dhéanamh ar conas daoine atá inniúil sa Ghaeilge a mhealladh le tabhairt faoi na cúrsaí cuí tríú leibhéal le cinntiú go mbeidh soláthar leordhóthanach ann do mhúinteoirí sna scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta. Ní fiú an rogha ábhar a leathnú mura bhfuil múinteoirí ar fáil len’iad a theagasc. Treisíonn sé seo an-tábhacht a bhaineann le tábhacht na Gaeilge ag leibhéal na sraithe sinsearaí agus na sainscileanna cuí a bheith ag na scoláirí
  • Ní dhéanfaí an infheistíocht chuí sa Ghaeilge má tá sí in iomaíocht le hinfheistíocht d’ábhair eile. Bheadh ceist ollmhór ansin d’inmharthanacht na teanga
  • Bheadh an-fhadhb ann sa Ghaeltacht dá mbeadh daltaí scoile in ann roghnú gan staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge, agus bheadh dá réir baol ann don pholasaí oideachais Gaeltachta agus gach straitéis agus polasaí Stáit a bhfuil d’aidhm aige an teanga dhúchas a chaomhnú, a chosaint agus a neartú
  • Tá siollabas T1 agus T2 ag leibhéal an teastais sóisearaí i bhfeidhm, ach fós ag luathstaid a fheidhmithe. Ta sé den riachtanas go ndéanfaí ollthorthaí an chur chuige nua seo a mheas, mar aon le straitéisí don teagasc idirdhealaitheach roimh aon leasuithe a phlé
  • Bheadh faillí fadtéarmach déanta sa mhéid is nach roghnófaí aon ábhar a bhraithfear a bheith deacair, ach go gcaillfear seoid luachmhar ag aois criticiúil na foghlama
  • Ag deireadh an lae is córas pointe atá i gceist leis an ardteist agus meallfaidh na hábhair a bheidh aitheanta mar na hábhair ‘níos éasca’ daltaí len iad a roghnú le pointí arda a bhaint amach. Ní léiriú maith é sin ar chóras oideachais do shaoránaigh na tíre seo
  • Ba chóir polasaí don Ghaeilge sa chóras oideachais ón réamhscoil go dtí an ollscoil a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm roimh aon athrú óir tá baol ann go dtógfaí athrú suntasach isteach nach mbeifeí in ann a aisiompú agus go rachaidh sé sin i gcoinne na bunreachta agus an pholasaí stáit i leith na teanga mar theanga oifigiúil na tíre seo

Comhpháirteanna den churaclam:

13.  Cé chomh mór is a aontaíonn tú leis na réimsí forbartha molta thuasluaite?

  • Easaontaíonn muid go huile is go hiomlán le stádas na Gaeilge mar chroí-ábhar, a dhéanann gach dalta staidéar uirthi, sa tsraith shinsearach a bheith ceistithe nó faoi bhagairt ag an gcomhairliúchan seo
  • Níl na scoileanna lán-Ghaeilge / Gaeltachta luaite sa phrófíl scoileanna

14. Cé na réitigh a shamhlaíonn tú chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna a bhaineann leis an ró-ualach curaclaim?

  • Is féidir úsáid a bhaint as an gCreat Eorpach d’Fhoghlaim Teangacha le freastail ar an ró-ualach curaclaim

15. Cé na comhpháirteanna den churaclam a chreideann tú ba cheart a bheith éigeantach sa tsraith shinsearach?

  • An Ghaeilge, Mata agus an Bhéarla éigeantach sa tsraith shinsearach agus mar bhunoideachas do gach dalta scoile

16. Ar mhaith leat aon cheo eile a fheiceáil sa chomhrá faoi chomhpháirteanna den churaclam sa tsraith shinsearach?

Ba cheart na pointí seo a leanas a thógáil san áireamh agus níor chóir aon athrú a mholadh ar stádas na Gaeilge mar chroí-ábhar ardteiste mar chuid den chomhairliúchán seo ar an tsraith shinsearach:

  • Tá sé mícheart an tagairt sa cháipéis chomhairliúcháin ar leathanach 16 do na ‘dearcthaí éagsúla faoin nGaeilge a choinneáil mar ábhar éigeantach’ a chur san áireamh. Níl aon eolas nó taighde luaite sa cháipéis ar cén fáth go bhfuil na dearcthaí éagsúil. Mar eolas, tá taighde déanta ar an ábhar seo cheana agus i measc na ndearcthaí den mhionlach daoine óga nár thacaigh le stádas na Gaeilge sa tsraith sinsearaí dúirt siad go bhfuil sí ródheacair mar ábhar, nach mbíonn aon úsáid le baint aisti i ndiaidh na scoile, nó eile. Is féidir gníomhú ar na buairteanna seo in ionad iad a sheachaint tríd stádas na Gaeilge don ardteist a athrú.
  • Níl an cháipéis seo ag léiriú na tuairimí láidre a thagann chun cinn sna cruinnithe comhairliúcháin maidir le stádas na Gaeilge mar chroíábhar a chosaint
  • De réir suirbhé ó Kantar Millward Browne i 2019:
    • Aontaíonn 64% (ó gach aois) gur chóir go gcoinneofar an Ghaeilge mar chroí-ábhar ardteiste, i. a dhéanann gach dalta scoile staidéar uirthi go dtí an ardteist. Ní raibh ach 14% ina choinne
    • Aontaíonn 60% (aois 15-24) gur chóir go gcoinneofar an Ghaeilge mar chroí-ábhar ardteiste, i. a dhéanann gach dalta scoile staidéar uirthi go dtí an ardteist. Ní raibh ach 19% ina choinne
  • Tá gach leibhéal sa scoil idirspleách ar a chéile – má tá an Ghaeilge roghnach don Ardteist beidh níos lú béime uirthi don Teastas Sóisearach nó fiú sa bhunscoil
  • Nuair a rinneadh foghlaim nua-theangacha roghnach i Sasana sa GCSE, thit an líon daoine ag staidéar teangacha ó 79% i 2001 san aoisghrúpa go 41% i 2018. Bheadh an uimhir seo i bhfad níos ísle fós ach gur choinnigh roinnt de na scoileanna príobháideacha éigeantach iad. Ní múintear aon nua-theanga anois i 7% de scoileanna ó bhliain a 7 ar aghaidh mar gheall air seo
  • Ní féidir talamh slán a dhéanamh de go mbeidh an Ghaeilge ar fáil do gach dalta scoile dá mbeadh sí roghnach. Braitheann soláthar ábhar ar bith ar choinníollacha éagsúla: éileamh ós na daltaí, soláthar múinteoirí, seomraí srl.
  • Dá mbeadh an Ghaeilge ina hábhar roghnach rachadh sí isteach i bpota mar a bhfuil gach rud ó Ealaín go hEacnamaíocht Bhaile agus ó Cheol go Ceimic. Cuimhnigh chomh maith go bhfuil breis ábhar á gcur sa phota i rith an ama – mar shampla: corpoideachas; polaitíocht agus eolaíocht ríomhaireachta; srl.
  • Bheadh níos lú mac léinn dara leibhéal in ann dul ar aghaidh mar bhunmhúinteoirí
  • Chuirfeadh athrú ar stádas na Gaeilge deireadh le roinnt mhaith coláistí samhraidh sa Ghaeltacht, rud a dhéanfaidh damáiste ollmhór do na Gaeltachtaí sin. Bhrisfí chomh maith an caidreamh idir foghlaimeoirí agus cainteoirí dúchais
  • Bheadh aon dalta nach ndéanann an Ghaeilge don Ardteist ag cailliúint amach ar go leor leor deiseanna fostaíochta agus gairme
  • Dá ndéanfaí ábhar roghnach den Ghaeilge, bheadh sé ag dul in aghaidh polasaí stáit  na Straitéise 20 bliain don Ghaeilge 2010-30 agus an Polasaí don Oideachas Gaeltachta
  • In áit díriú ar an nGaeilge mar ábhar ‘dúshlánach, strusmhar’, tá dualgas orainn díriú ar na straitéisí chun aon dúshlán a mhaolú, ar a n-áirítear: luach na teanga a mhúineadh do dhaltaí (agus do mhúinteoirí); straitéisí don teagasc idirdhealaitheach; straitéisí chun an dalta a ghríosadh le deiseanna a lorg í a labhairt lasmuigh den rang; infreastruchtúr ceart sóisialta trí Ghaeilge a bheith ann, srl.

Measúnú

17. Cé chomh mór is a aontaíonn tú leis na réimsí forbartha molta thuasluaite?

  • Aontaíonn muid gur fiú don mheasúnú a bheith níos solúbtha le húsáid den Chreat Eorpach d’Fhoghlaim Teangacha mar shampla

18. An bhfuil béim róbheag nó rómhór ar ghnéithe áirithe?

  • Ní aithnítear sa cháipéis chomhairliúcháin moltaí déanta i rith an chomhairliúcháin maidir le húsáid a bhaint as an gCreat Eorpach d’Fhoghlaim Teangacha mar bhealach le solúbthacht a chur ar fáil don mheasúnú don ardteist

19. Ar mhaith leat aon cheo eile a fheiceáil sa chomhrá faoin measúnú sa tsraith shinsearach?

  • Ba chóir an Creat Eorpach d’Fhoghlaim Teangacha a úsáid sa tsraith shinsearach (agus ag gach leibhéal eile den chóras oideachais) le measúnú a dhéanamh ar an nGaeilge. Thabharfadh seo solúbthacht don mheasúnú agus d’fheadfaí freastail ar dhaltaí bunaithe ar a leibhéal cumais, mar shampla:
    • D’fheadfadh dalta, le fadhb foghlama aitheanta, agus atá lag i scríobh na Gaeilge díriú ar an nGaeilge labhartha agus d’fheadfaí sin a thógáil san áireamh sna pointí ardteiste a bhronnfar ar an dalta sin
    • D’fheadfadh dalta ag teacht isteach déanach sa chóras an chéad leibhéal den chreat a bhaint amach in ionad a bheith coinnithe amach as an rang Gaeilge agus na pointí ardteiste a bheith bunaithe ar an gcéad chéim den chreat

Tuairisciú:

20. Cé chomh mór is a aontaíonn tú leis na réimsí forbartha molta thuasluaite?

  • Aontaíonn muid  gur chóir na bealaí a dhéantar tuairisciú ar dhul chun cinn na ndaltaí a fhorbairt

21.  An bhfuil béim róbheag nó rómhór ar ghnéithe áirithe?

  • Níor tógadh na moltaí ar bord déanta roimhe seo sa chomhairliúchán go bhféadfaí córais, ar nós an Creat Eorpach d’Fhoghlaim Teangacha, a úsáid le breis luach a thabhairt do thorthaí na ndaltaí

22. Ar mhaith leat aon cheo eile a fheiceáil sa chomhrá faoin tuairisciú sa tsraith shinsearach?

  • Go n-úsáidfear córais, ar nós an Creat Eorpach d’Fhoghlaim Teangacha, le breis luach a thabhairt do thorthaí na ndaltaí. Mar shampla, bheadh aitheantas agus tuiscint ar fud na hEorpa don caighdeán bainte amach ag an dalta ar an gCreat Eorpach

Tosaíochtaí agus tacaíochtaí:

23. Cuir iad seo a leanas in ord tosaíochta don tsraith shinsearach, leis an gceann is tábhachtaí ar dtús:

  • Imfhálú a bhaint
  • Clár L1/L2 leantach a fhorbairt
  • Sceidil mhalartacha measúnaithe a fhiosrú
  • Tuairisciú níos leithne a fhiosrú
  • Comhpháirteanna den churaclam a fhiosrú
  • Soláthar roghanna i réimsí foghlama teicniúla, gairme, gairmiúla agus cruthaithí a fhiosrú
  • Eolas, scileanna agus cáilíochtaí a sainaithníodh san athbhreithniú a fhorbairt
  • Comhpháirteanna níos leithne den churaclam a chuimsiú, ar nós scileanna saoil agus foghlaim ar feadh an tsaoil
  • Conair sholúbtha tríd an tsraith shinsearach a fhorbairt
  • Eile

‘Eile’, tabhair sonraí anseo thíos.

  • Go gcoinneofar an Ghaeilge mar chroí-ábhar sa tsraith shinsearach a dhéanann gach dalta staidéar uirthi agus go mbainfear úsáid as an gCreat Eorpach d’Fhoghlaim Teangacha le teagaisc, measúnú agus tuairisciú a dhéanamh ar an nGaeilge sa tsraith shinsearach
  • Go mbeidh aon athruithe don Ghaeilge sa tsraith shinsearach ag teacht mar chuid de Pholasaí don Ghaeilge sa Chóras Oideachais ón Réamhscoil go dtí an Tríú Leibhéal
  • Nuair a chuirfear tacaíochtaí/acmhainní  ar fáil don churaclam nua, tá sé tábhachtach go mbeadh na scoileanna Gaeltachta agus Lán-Ghaeilge á soláthar leo trí Ghaeilge ag an am céanna is a fhaigheann na scoileanna meán Bhéarla iad

24. Cé chomh tábhachtach is atá na tacaíochtaí seo a leanas chun sraith shinsearach amach anseo a éascú?

  • Forbairt ghairmiúil leanúnach chuí
  • Am don chomhoibriú agus forbairt
  • Pleanáil fhadtéarmach don athrú (córasach, ceannaireacht, áitiúil)
  • Monatóireacht agus measúnú leanúnach ar athrú
  • Forbairt scoileanna mar Phobail Foghlama Gairmiúla
  • Tacaíochtaí breise gairmthreorach a fhorbairt do scoláirí
  • Tacaíochtaí a chruthú do scoileanna agus Príomhoidí chun athrú a bhainistiú
  • Eile

Má roghnaigh tú ‘Eile’, tabhair sonraí anseo thíos

  1. EILE: Go gcoinneofar an Ghaeilge mar chroí-ábhar sa tsraith shinsearach a dhéanann gach dalta staidéar uirthi agus go mbainfear úsáid as an gCreat Eorpach d’Fhoghlaim Teangacha le teagaisc, measúnú agus tuairisciú a dhéanamh ar an nGaeilge sa sraith shinsearach
  2. Go mbeidh aon athruithe don Ghaeilge sa tsraith shinsearach ag teacht mar chuid de Pholasaí don Ghaeilge sa Chóras Oideachais ón Réamhscoil go dtí an Tríú Leibhéal

25. Ar mhaith leat aon cheo eile a fheiceáil sa chomhrá faoi thosaíochtaí agus tacaíochtaí?

  • Go gcoinneofar an Ghaeilge mar chroí-ábhar sa tsraith shinsearach a dhéanann gach dalta staidéar uirthi agus go mbainfear úsáid as an gCreat Eorpach d’Fhoghlaim Teangacha le teagaisc, measúnú agus tuairisciú a dhéanamh ar an nGaeilge sa sraith shinsearach
  • Go mbeidh aon athruithe don Ghaeilge sa tsraith shinsearach ag teacht mar chuid de Pholasaí don Ghaeilge sa Chóras Oideachais ón Réamhscoil go dtí an Tríú Leibhéal

Aon rud eile is mian leat a lua:

Má tá aon cheo eile le rá agus nó aon mholadh eile agat faoin Athbhreithniú ar an tSraith Shinsearach, luaigh anseo iad.

  • Ba chóir an Ghaeilge a choinneáil mar chroí-ábhar sa sraith shinsearach a dhéanann gach dalta staidéar uirthi
  • Ba chóir aon athruithe don Ghaeilge sa tsraith shinsearach teacht mar chuid de Pholasaí don Ghaeilge sa Chóras Oideachais ón Réamhscoil go dtí an Tríú Leibhéal
  • Ba chóir úsáid a bhaint as an gCreat Eorpach d’Fhoghlaim Teangacha le teagaisc, measúnú agus tuairisciú a dhéanamh ar an nGaeilge sa sraith shinsearach
  • Ba chóir a aithint mar chuid den athbhreithniú gur féidir le gach scoláire an Ghaeilge a fhoghlaim ag leibhéal atá oiriúnach dá gcumas leis an tacaíocht chuí curtha ar fáil, páistí le Riachtanais Speisialta Oideachais san áireamh.
  • I gcomhthéacs na Gaeilge, ní mór polasaithe eile an Rialtais agus an tábhacht (agus na ceanglais dhlíthiúla) a leagtar ar an nGaeilge iontu a scrúdú, agus ba chóir polasaithe na Roinne Oideachais a ailíniú leo – i. spriocanna Straitéis 20 Bliain, stádas bunreachtúil na Gaeilge, polasaí don Oideachas Gaeltachta.